Áirítear i gClár an Rialtais, 2025, Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, tiomantas do Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú sa chás go bhfuil éileamh ann agus do thacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge dá leanaí.
Sa chomhthéacs sin, ar an 6 Samhain 2025, d’fhoilsigh mo roinn ‘Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht’. Leagtar amach sa pholasaí fís mo roinne go mbeidh oideachas trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna ionchuimsitheacha agus ilchultúrtha.
Bunaíodh Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas lán-Ghaeilge i mí na Samhna 2025 mar phríomhghníomh faoin bpolasaí. Is é ról an tascfhórsa ná deis a sholáthar le haghaidh comhoibrithe idir mo roinn agus príomhpháirtithe leasmhara chun conair a fhorbairt le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a mhéadú.
Táthar ag súil go gcríochnófar obair an tascfhórsa laistigh de bhliain amháin. Cuirfidh sé moltaí faoi bhráid mo roinne maidir le réimsí amhail na critéir le haghaidh soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge, conas tacú le scoileanna atá ag aistriú chuig oideachas trí mheán na Gaeilge agus sásraí chun leathnú soláthair a éascú.
Tá breis agus €500m infheistithe ag mo Roinn le 6 bliana anuas, áfach, chun foirgnimh scoile nua a thógáil agus saoráidí a bhí ann cheana a nuachóiriú do scoileanna trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Chuimsigh an infheistíocht seo tógáil 10 bhfoirgneamh scoile nua do scoileanna trí mheán na Gaeilge le linn na tréimhse seo. Tá 9 bhfoirgneamh scoile nua do scoileanna trí mheán na Gaeilge á dtógáil faoi láthair.
Leanfaidh mo Roinn de thacaíocht a thabhairt do Sholáthar Oideachais Lán-Ghaeilge le linn na tréimhse 2026 go 2030, mar chuid d’fheidhmiú céimneach an NDP.