Ceadaíodh maoiniú don scoil a luadh faoin scéim um Chóiríocht Scoile Bhreise de chuid mo Roinne chun seomra ranga príomhshrutha amháin agus trí sheomra teagaisc d’oideachas speisialta a sholáthar. Tá freagracht ar sheachadadh na n-oibreacha sannta d’údarás na scoile. Fuarthas tuarascáil Céim 2B i mí Lúnasa 2025 agus tá athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair ó thaobh na teicneolaíochta agus an chostais araon.
Beidh gach tionscadal tógála scoile, an ceann seo san áireamh, faoi réir an díchill chuí riachtanach atá leagtha amach sna Treoirlínte Bonneagair. Tá sé ríthábhachtach am, raon feidhme agus costas a bhainistiú chun a chinntiú go bhfanfaidh an clár tógála scoile foriomlán laistigh dá theorainneacha maoinithe. Tá an tionscadal seo mar chuid den phíblíne fhoriomlán tionscadal tógála scoile, a leanfar de bheith á mbainistiú de réir pharaiméadair an PFN.