Tá mo roinn tiomanta go hiomlán do thacú le soláthar trí mheán na Gaeilge. Áirítear i gClár an Rialtais, 2025, Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, tiomantas do Ghaelscoileanna a bhunú sa chás go bhfuil éileamh ann agus do thacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge dá leanaí. I ndáil leis seo, d’fhoilsigh mo roinn ‘Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht’. Ba phríomhmholadh sa tuarascáil seo Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Ghaeloideachas a bhunú, a chuir tús lena chuid oibre i mí na Samhna 2025.
Ina theannta sin, cabhróidh suirbhé bunscoile mo Roinne le héileamh ar sholáthar trí mheán na Gaeilge a aithint, rud a chabhróidh le pleanáil chun cinn amach anseo. Foilseofar torthaí an tsuirbhé go luath, agus cabhróidh sé le leibhéal an éilimh ar sholáthar trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na scoile aonair a aithint.
Ní bhunaítear scoileanna nua ach amháin i gceantair ina bhfuil fás déimeagrafach ann. Tá laghdú tagtha le blianta beaga anuas ar an éileamh iomlán ar áiteanna bunscoile i mBaile Átha Cliath 10 agus i mBaile Átha Cliath 12. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas sa ghearrthéarma scoileanna nua a bhunú sa cheantar seo. Mar sin féin, tá mo roinn ar an eolas faoi fhorbairt shuntasach chónaithe nua atá beartaithe don chuid seo de Bhaile Átha Cliath. Tá pleananna á ndéanamh chun scoileanna nua a bhunú agus cuirfear i gcrích iad nuair a bheidh an t-éileamh ann. D’fhéadfadh sé seo deiseanna a chruthú chun soláthar trí mheán na Gaeilge a bhunú.
Tá breis is €500m infheistithe ag mo roinn le 6 bliana anuas d’fhonn foirgnimh scoile nua a thógáil agus saoráidí atá ann cheana féin do scoileanna trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre a nuachóiriú. Áiríodh leis an infheistíocht seo tógáil 10 bhfoirgneamh scoile nua do scoileanna lán-Ghaeilge le linn na tréimhse seo. Faoi láthair, tá 9 bhfoirgneamh scoile nua á dtógáil do scoileanna lán-Ghaeilge, agus tús áite tugtha do 4 fhoirgneamh scoile nua eile le seachadadh thar 2026 agus 2027 mar chuid de Rolladh Amach an PFN. Leanfaidh mo Roinn de bheith ag tacú le soláthar trí mheán na Gaeilge mar chuid de rolladh amach an PFN le linn na tréimhse 2026 go 2030.