Skip to main content
Normal View

Na Meáin Chumarsáide

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 June 2026

Thursday, 11 June 2026

Questions (211)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

211. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an mbunóidh sé seirbhís náisiúnta raidió Gaeilge don óige mar a mhol an Chomhchoiste um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt i moladh 17 den Ghrinnscrúdú Réamhreachtach ar an mBille Craolacháin (Leasú), 2026. [43464/26]

View answer

Written answers

Is bunchloch dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht náisiúnta í ár dteanga agus is tosaíocht don Rialtas seo a chinntiú go leanfar agus go méadófar tacaíocht don Ghaeilge ar fud na n-ardán meán uile. I gcomhréir le beartas an Rialtais, riarann Coimisiún na Meán, an rialtóir meán, maoiniú agus tacaíocht d’ábhar Gaeilge ardchaighdeáin trí réimse scéimeanna craolacháin.

Aithníonn an Rialtas an luach a bhaineann le rochtain a bheith ag daoine óga ar ábhar beoga, ábhartha i nGaeilge agus leagann Clár an Rialtais amach go “dtacóidh an Rialtas le leathnú ceadúnas craolacháin do stáisiúin raidió príomhshrutha Gaeilge a dhíríonn ar éisteoirí óga.”

Choimisiúnaigh Coimisiún na Meán dhá phíosa taighde maidir le soláthar Gaeilge ar ardchaighdeán sna meáin. Baineann an chéad cheann le féidearthacht seirbhís raidió Gaeilge atá dírithe ar éisteoirí óga. Is athbhreithniú fairsing é an dara ceann ar sholáthar reatha na meán Gaeilge, mar atá molta ag Tuarascáil Choimisiún Thodhchaí na Meán. Beidh torthaí an dá phíosa taighde mar bhonn eolais do straitéis agus plean gníomhaíochta atá á fhorbairt faoi láthair ag aonad nua Gaeilge de chuid Choimisúin na Meán.

Tá mo Roinn tiomanta ar son oibriú le Coimisiún na Meán agus le geallsealbhóirí eile chun craoltóireacht na Gaeilge a neartú tuilleadh ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe toisc go bhfuil éileamh soiléir ón lucht féachana.

Our language is a cornerstone of our heritage and national identity, and it is a priority of this Government to ensure the continued and increased support of the Irish language across all media platforms. In line with Government policy, Coimisúin na Meán, the media regulator, administers funding and support for high-quality Irish language content via a range of broadcasting schemes.

The Government recognises the value in young people having access to vibrant, relevant Irish language content and the Programme for Government sets out that Government will “support the expansion of broadcasting licences for mainstream Irish language radio stations which focus on young listeners.”

Coimisúin na Meán commissioned two pieces of research with regard to high-quality Irish language provision in media. The first is on the feasibility of an Irish language radio service aimed at young listeners. The second is an extensive review of the current provision of Irish language media, as recommended by the Report of the Future of Media Commission. The findings of both research pieces will inform a strategy and action plan that is currently being developed by a Coimisúin na Meán’s new Irish Language unit.

My Department is committed to working with Coimisúin na Meán and other stakeholders to further strengthening Irish language broadcasting in a sustainable way, particularly where there is a clear audience demand.

Share