Tá ag éirí go han-mhaith leis an bpróiseas pleanála teanga agus pleananna teanga faofa á gcur i bhfeidhm i 26 Limistéar Pleanála Teanga, 10 mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus i 3 Líonra Gaeilge. Tá líon áirithe acu seo anois ag dul isteach sa dara timthriall den phróiseas agus réamhobair ar bun idir na páirtithe leasmhara chuige sin.
Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tar éis próisis chomhairliúcháin a rinneadh in 2014, aithníodh 16 baile mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta féideartha ag brath ar cheanneagraíocht a bheith ceaptha agus pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail áitiúla de réir na gcritéir pleanála teanga atá leagtha síos faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Tar éis dóibh a bheith ceaptha, tugtar tréimhse dhá bhliain do gach ceanneagraíocht chun plean a ullmhú le cur faoi bhráid an Aire lena fhaomhadh.
Tá ról suntasach ag Bailte Seirbhíse Gaeltachta maidir le seirbhísí poiblí agus áiseanna áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar don phobal sna limistéir phleanála teanga a bhfreastalaíonn siad orthu. Mar thoradh air sin, tá tionchar suntasach agus dearfach ag na bailte seo ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta.
As na 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta sin, tá 10 bplean teanga faofa go dtí seo, agus á gcur i bhfeidhm sna bailte atá i gceist. Tá pleananna teanga faofa ag na bailte seo a leanas agus tá siad aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta:
• Leitir Ceanainn
• Daingean Uí Chúis
• Cathair na Gaillimhe
• An Clochán Liath
• Trá Lí
• Caisleán an Bharraigh
• Dún Garbhán
• Cathair Saidhbhín
• An Clochán
• Baile an Róba
Tá tús curtha leis an bpróiseas chun pleananna a ullmhú maidir le Béal an Mhuirthead agus Cathair Chorcaí.
I láthair na huaire, tá ceanneagraíochtaí pleanála teanga ag obair le Foras na Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú do na bailte seo a leanas: Baile Dhún na nGall, Maigh Chromtha, Baile Átha Buí agus An Uaimh.
Leithdháiltear buiséad suas le €30,000 ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta chun pleananna a ullmhú agus cuirtear buiséad bliantúil €96,000 ar fáil do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht agus €120,000 do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht nó Bailte Seirbhíse Gaeltachta cathrach thar seacht mbliana chun tacú lena gcur i bhfeidhm.