Tá Conradh na Gaeilge ina eagraíocht neamhspleách le stádas carthanachta agus faigheann sé maoiniú ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear maoiniú Stáit do ghníomhaíochtaí ainmnithe.
Tá Conradh na Gaeilge aitheanta ag Foras na Gaeilge mar cheanneagraíocht sa mhór-réimse Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht.
Cuireann mo Roinn 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil ach is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn buiséad bliaintiúil an Fhorais.
Faoin gcomhaontú maoinithe atá idir Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, tá feidhmeanna sannaithe don Chonradh lena n-áirítear "imeachtaí feasachta gníomhacha a eagrú le go gcumhachtófar daoine le gníomhú ar son chur chun cinn na Gaeilge." Thiocfadh an feachtas Athghaelú isteach faoin bhfeidhm sin.
Tá maoiniú ar fiú €997,576 údaraithe ag Bord Fhoras na Gaeilge do Chonradh na Gaeilge i mbliana, ardú 15% ar maoiniú 2025.