Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Cúram Leanaí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 July 2026

Tuesday, 14 July 2026

Questions (31)

Conor D. McGuinness

Question:

31. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé uasdátú maidir leis an maoiniú atá á chur ar fáil chun áiseanna feabhsaithe a chur ar fáil do Naíonra Gharbháin i nDún Garbhán agus do Naíonra Philib Barún i dTrá Mhór. [53183/26]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, bhí cruinniú agam féin agus ag oifigigh mo Roinne le hionadaithe ó Naíonra Gharbháin i nDún Garbhán agus ó Naíonra Philib Barún i dTrá Mhór i mí Aibreáin 2026.

Ó shin i leith, bhí oifigeach ó mo Roinn ar cuairt ar na Naíonraí chun féidearthachtaí maoinithe faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Caipiteal) de chuid mo Roinne a phlé agus chun an próiseas iarratais a mhíniú do na coistí.

Seo thíos an stádas reatha a bhaineann leis an dá chás:

Naíonra Gharbháin i nDún Garbhán – Tá an coiste ag iarraidh cead pleanála a fháil don togra ó Chomhairle Contae Phort Láirge chun tabhairt faoi na hoibreacha cuí. Tá fáilte rompu iarratas a dhéanamh agus iad réidh dó sin agus déanfaidh an Roinn an t-iarratas sin a phróiseáil agus a mheas i gcomhthéacs spriocanna an chiste sa ghnáthbhealach. Tá oifigeach na Roinne i dteagmháil rialta leo.

Naíonra Philib Barún – Tá plé leanúnach ag tarlú idir ionadaí ón choiste agus an Roinn ar mhaithe le doiciméid tairisceana a ullmhú chun comhairleoirí gairmiúla a earcú. Nuair a bheidh an próiseas tairisceana sin curtha i gcrích, beidh an Coiste ábalta iarratas a dhéanamh agus déanfaidh an Roinn an t-iarratas sin a phróiseáil agus a mheas i gcomhthéacs spriocanna an chiste sa ghnáthbhealach.

Dár ndóigh, tá oifigigh mo Roinne ar fáil chun comhairle a thabhairt do na coistí maidir leis an phróiseas iarratais ach teagmháil a dhéanamh leo.

Share