Faoi Scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta atá á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC) thar ceann na Roinne, caitheann suas le 30 scoláire iar-bhunscoile scoilbhliain iomlán ar cheann de na trí Oileán Árann; Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Is uaslíon de 10 scoláire atá ceadaithe faoin scéim ar gach oileán.
Tá an scéim seo á cur i bhfeidhm i gcomhréir le coinníollacha caighdeánacha Scéim na bhFhoghlaimeoirí Gaeilge (SFG), coinníollacha nach mór do gach teaghlach a bhaineann leas as an scéim cloí leo.
Íocann an Roinn fóirdheontas leis na teaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi SFG a chuireann lóistín ar fáil don 30 scoláire. Leis an méadú a thug mé isteach le déanaí faoi SFG, is é €37 - ardú ó €35.50 - in aghaidh na hoíche in aghaidh an scoláire an ráta don scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta don scoilbhliain 2026/27.
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim in 2023 ó thaobh méid agus minicíochta na n-íocaíochtaí, tugadh isteach bandaí íocaíochta. Clúdaíonn na bandaí tréimhse neamhláthaireachta i gcás nach bhfuil an scoláire in ann fanacht leis an teaghlach ar chúiseanna éagsúla a d’fhéadfadh tarlú, m.sh. tinneas, drochaimsir, cluichí, cúrsaí clainne, sochraidí agus eile.
Má bhíonn scoláire ar iostas leis an teaghlach ar feadh níos lú nó níos mó oícheanta ná mar atá leagtha amach sna bandaí, íoctar an ráta aon-oíche ar na hoícheannta sin. Cinntíonn sé seo go dtugtar cúiteamh leordhóthanach do theaghlaigh a sholáthraíonn cóiríocht.
Seo a leanas na bandaí íocaíochta a bhí i bhfeidhm don scoilbhliain 2025/26 agus na bandaí a bheidh i bhfeidhm don scoilbhliain 2026/27:
|
Méid oícheanta ar an oileán
|
Deontas reatha na scoilbhliana 2025/26 (x1 scoláire)
Ráta: €35.50
|
Deontas scoilbhliana 2026/27 (x1 scoláire)
Ráta: €37
|
|
140 – 160
|
€5,700
|
€6,000
|
|
161 – 180
|
€6,400
|
€6,700
|
|
181 – 200
|
€7,100
|
€7,400
|
Tá socrú i bhfeidhm chomh maith go n-íoctar cúiteamh coicíse breise le teaghlaigh i leith aon scoláire a fhágann an scéim roimh dheireadh na scoilbhliana.
Déantar na híocaíochtaí i dtrí thráthchuid leis na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil i rith na scoilbhliana.
Mar thoradh air seo ar fad, agus an méadú a cheadaigh mé i mbliana á chur san áireamh, meastar go bhféadfadh an teaghlach ioncaim breise a thuilleamh sa scoilbhliain seo chugainn le hais na scoilbhliana atá thart.