Tá mo Roinn ar an eolas go bhfuil ceist ardaithe maidir leis an áitreabh atá luaite ag an Teachta agus é ar díol anois. Níl aon teagmháil déanta ag an phobal nó ag aon choiste ábhartha leis an Roinn faoin ábhar seo, áfach.
Cuirtear cúnamh caipitil ar fáil faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne chun tacú le heagraíochtaí agus coistí pobail fud fad na Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a chur ar fáil nó a uasghrádú. Is féidir le coistí nó eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoin gClár. Tá critéir incháilithe agus coinníollacha bainteach leis an chlár agus tá eolas faoin chlár sin le fáil ar shuíomh mo Roinne. Tá an clár seo oscailte d'iarratais ó cheann ceann an bliana agus níl aon spriocdháta faoi leith ann chun iarratas a dhéanamh.
Ach iarratas a bheith faighte, dhéanfaí é a mheas i gcomhthéacs spriocanna an chiste, an tsoláthair airgid atá ar fáil do mo Roinn agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin.