Áirítear i gClár an Rialtais, 2025, Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, tiomantas do Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú sa chás go bhfuil éileamh ann agus do thacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge dá leanaí.
Mar eolas ginearálta, seoladh an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i mí na Samhna 2025. Leagtar amach sa pholasaí fís mo roinne go mbeidh oideachas trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i gcomhthéacsanna oideachais ionchuimsitheacha agus ilchultúrtha. Tá mo roinn tiomanta do bheith ag obair le páirtithe leasmhara chun an fhís sin a bhaint amach, agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo seachadta ar ghealltanais Chlár an Rialtais.
Ba phríomhmholadh sa tuarascáil seo Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Ghaeloideachas a bhunú, a chuir tús lena chuid oibre i mí na Samhna 2025.
Is é ról an tascfhórsa ná ardán a chur ar fáil do chomhoibriú idir an roinn agus príomhpháirtithe leasmhara chun bealach a fhorbairt chun soláthar an oideachais lán-Ghaeilge a mhéadú ar bhonn náisiúnta. Táthar ag súil go gcríochnófar obair an tascfhórsa laistigh de bhliain amháin. Cuirfidh sé moltaí faoi bhráid na roinne maidir le réimsí amhail na critéir le haghaidh soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge, conas tacú le scoileanna atá ag aistriú chuig oideachas trí mheán na Gaeilge agus sásraí chun leathnú soláthair a éascú.
Bhí Suirbhé Bunscoile mo roinne ar siúl ón 4 Samhain go dtí an 16 Nollaig 2025. Bhí an suirbhé, an ceann is mó dá leithéid a rinneadh riamh in Éirinn, sonrach don scoil agus bhí sé mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar éileamh agus roghanna tuismitheoirí maidir le cineálacha éagsúla soláthair bunscoile.
Tríd an suirbhé, tá eolas soiléir faighte ag mo roinn faoi roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí maidir leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta amach romhainn, i roinnt réimsí tábhachtacha de sholáthar bunscoile, lena n-áirítear teanga an teagaisc (Gaeilge nó Béarla).
Tá roghanna na tuismitheoirí ón suirbhé bunscoile foilsithe anois agus leis sin, cuirtear bonn eolais cuimsitheach ar fáil chun buntacú le cinnteoireacht ar leibhéal an éilimh ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge. Tugadh deis do bhunscoileanna machnamh a dhéanamh ar thoradh an tsuirbhé agus a chur in iúl don Roinn roimh an 31 Deireadh Fómhair más rud é, tar éis comhairliúcháin áitiúla, go bhfuil suim acu athrú a dhéanamh – lena n-áirítear maidir le bogadh chuig soláthar trí mheán na Gaeilge. Is féidir leis seo meicníocht chost-éifeachtúil a chur ar fáil chun soláthar trí mheán na Gaeilge a mhéadú.