Is ar an eagraíocht Muintearas Teo. atá an cúram Scéim na gCampaí Samhraidh a riar ar son mo Roinne. Ar bhonn ghinearálta, cuirtear fóirdheontas níos airde ar fáil do pháistí le riachtanais speisialta le tacú leo freastal ar champaí samhraidh Gaeltachta atá maoinithe ag mo Roinn faoin scéim seo.
Tá plé ar bun le tamall idir oifigigh mo Roinne agus Muintearas Teo maidir le campa samhraidh speisialta a reáchtáil i gConamara do ghasúir Ghaeltachta a bhfuil uathachas orthu agus tá curtha in iúl ag mo chuid oifigigh go mbeadh an Roinn sásta breathnú go báúil ar iarratas dá leithéid a mhaoiniú ach ceann a bheith faighte.
Tá iarrtha ag mo Roinn anois ar Mhuintearas Teo teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir ar mhaithe leis an gcás seo a bhrú chun cinn.