Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Riachtanas Speisialta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 July 2024

Wednesday, 10 July 2024

Ceisteanna (119)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

119. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sí sásta breis airgid a cheadú do champa samhraidh Gaeilge speisialta i gConamara do ghasúir Ghaeltachta a bhfuil uathachas orthu, de bharr an chúraim speisialta bhreise a theastaíonn ó na gasúir speisialta seo [30299/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is ar an eagraíocht Muintearas Teo. atá an cúram Scéim na gCampaí Samhraidh a riar ar son mo Roinne. Ar bhonn ghinearálta, cuirtear fóirdheontas níos airde ar fáil do pháistí le riachtanais speisialta le tacú leo freastal ar champaí samhraidh Gaeltachta atá maoinithe ag mo Roinn faoin scéim seo.

Tá plé ar bun le tamall idir oifigigh mo Roinne agus Muintearas Teo maidir le campa samhraidh speisialta a reáchtáil i gConamara do ghasúir Ghaeltachta a bhfuil uathachas orthu agus tá curtha in iúl ag mo chuid oifigigh go mbeadh an Roinn sásta breathnú go báúil ar iarratas dá leithéid a mhaoiniú ach ceann a bheith faighte.

Tá iarrtha ag mo Roinn anois ar Mhuintearas Teo teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir ar mhaithe leis an gcás seo a bhrú chun cinn.

Roinn