Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tabhair Cuairt agus Foghlaim

TCÉ

Féach isteach

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn ár bParlaimint, faoina stair agus faoina cuid foirgneamh? Faigh amach faoi bhunús an Oireachtais, cad a dhéanann sé agus conas a thoghtar Comhaltaí. Féadtar na foirgnimh a fhiosrú agus fáil amach conas cuairt ar an Oireachtas a eagrú freisin.

Seanad100

Senators Alice Stopford Green and Eileen Costello arriving at Leinster House, 11 December 1922 / Bibliothèque Nationale de France

Seanad100

In 2022, beimid ag comóradh céad bliain de Sheanad Éireann, Teach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann. Thionóil an Seanad a chéad chruinniú ar an 11 Nollaig 1922 i dTeach Laighean.

Stair agus foirgnimh

Foghlaim stair na Parlaiminte in Éirinn, ón tús ar fad. Foghlaim faoi na foirgnimh agus faoi bhailiúchán na ndoiciméad stairiúil. Faigh na nuashonruithe is déanaí maidir le hathchóiriú Theach Laighean Seoirseach.

Cuairt ar an Oireachtas

Faoi láthair tá turais ar Theach Laighean teoranta dóibh siúd atá urraithe ag TD nó Seanadóir.

Téigh i dteagmháil le do TD nó Seanadóir áitiúil chun tuilleadh a fhoghlaim, nó is féidir leat spléachadh fáilí a thabhairt ar an taobh istigh lenár dturas fíorúil 3T.

An chaoi a n-oibríonn an Pharlaimint

Is é an tOireachtas an t-aon chomhlacht a bhfuil an chumhacht aige dlíthe a dhéanamh d’Éirinn. Foghlaim faoin gcaoi a ndéanann an tOireachtas na dlíthe seo, cé na nithe eile a dhéantar ann, an chaoi a dtoghtar a chomhaltaí agus na rialacha atá le leanúint aige.

Múinteoirí agus scoláirí

An bhfuil tú ag foghlaim nó ag teagasc faoi Pharlaimint na hÉireann? Cabhróidh ár bhfíseáin oideachasúla agus ár bpleananna ceachta leat tús a chur leis an obair.

Comóradh céad bliain

Faigh amach faoin gcomóradh céad bliain a reáchtálamar le déanaí, Dáil100 agus Vótáil100, mar chuid de Dheich mbliana na gCuimhneachán.

Gluais

An bhfuil an difríocht idir Riar na hOibre agus Buan-Orduithe ar eolas agat? Díchódaigh an béarlagair parlaiminteach lenár dtreoir ó A go Z.

Leabhrán

Cuir eolas ar do Pharlaimint

An bhfuil mearbhall ort mar gheall ar an mbéarlagair parlaiminteach? Foghlaim gach ní maidir leis an Oireachtas inár dTreoir Achomair ar an gCaoi a nOibríonn do Pharlaimint.

OSSP: Cúrsa ar an tSaoránacht | An daonlathas a fhiosrú

Roinn