Dhá Theach
Dáil Éireann agus Seanad Éireann
Toghann muintir na hÉireann Comhaltaí Dháil Éireann, teach íochtarach Thithe an Oireachtais. Tá 160 Comhalta a dhéanann ionadaíocht ar 39 dáilcheantar sa Dáil reatha. Is í an Dáil reatha an 33ú Dáil.
Tá 60 Comhalta i Seanad Éireann, an teach uachtarach, agus toghtar iad chuig cúig rolla gairme agus dhá rolla ollscoile, nó ainmníonn an Taoiseach iad. Is é an Seanad reatha an 26ú Seanad.
Cén dáilcheantar ina bhfuil mé?
Íoslódáil Aip an Oireachtais chun breathnú ar do thoghcheantar agus ar do chuid ionadaithe. Nó breathnaigh ar theorainneacha na dtoghcheantar ar líne.
Clár Leasanna na gComhaltaí
Is gá do Chomhaltaí Thithe an Oireachtais ráitis bhliantúla a dhéanamh faoina leasanna. Leagtar amach anseo aon stiúrthóireachtaí cuideachta atá acu, maoin atá ina seilbh agus bronntanais a fuair siad.
Tuarastail agus liúntais
Teagmháil a dhéanamh le Comhalta reatha
Seo a leanas na seoltaí poist agus ríomhphost do Theachtaí Dála agus Seanadóirí reatha:
<Ainm an Chomhalta>
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
<céadainm>.<sloinne>@oireachtas.ie
Sonraí teagmhála na gcomhaltaí
Clár na bpáirtithe polaitíochta
Ní mór do pháirtithe polaitíochta a bheith cláraithe ionas go gcuirfear ainmneacha a gcuid páirtithe ar pháipéir ballóide i dtoghcháin. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le hOifig Chláraitheora na bPáirtithe Polaitíochta, Teach Laighean, Baile Átha Cliath 2.
(01) 618 3438 clerk@oireachtas.ie
Cácas na mBan
Fóram traspháirtí is ea Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn do bhanpharlaiminteoirí na hÉireann. Tugann sé deis dóibh plé a dhéanamh ar na ceisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná den chuid is mó agus dul i mbun feachtais ina leith.
Cláir eolais dáilcheantair
Tugann na cláir eolais dáilcheantair amharcléiriú idirghníomhach (ar líne) ar shonraí Dhaonáireamh 2016 do gach dáilcheantar. Is bealach iontach iad chun eolas a fháil faoi do dháilcheantar.
Limistéar na gComhaltaí
Ceangail le líonra inmheánach Thithe an Oireachtais.