Tá cóipcheart ag Tithe an Oireachtais ar fhormhór na faisnéise atá ar ár suíomh gréasáin, an reachtaíocht san áireamh, mura léirítear a mhalairt.
Tugtar achoimre shoiléir ar leathanach cóipchirt Thithe an Oireachtais faoin gcaoi ar féidir ár sonraí a athúsáid. Tá imeachtaí craolacháin, go háirithe, faoi réir coinníollacha sonracha.
Comhéadain feidhmchláir Oireachtais
Tá ár gcomhéadain feidhmchláir sonraí oscailte ar fáil anois. Is féidir le húsáideoirí ábhar a bhaineann le díospóireachtaí, vótaí agus ceisteanna parlaiminte a rochtain. Is sampla praiticiúil amháin é an suíomh gréasáin seo dár gcomhéadain feidhmchláir i mbun oibre. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas, moltaí agus scéalta úsáideoirí chuig open.data@oireachtas.ie
Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais
Tarscaoileann Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais aon cheanglas orainn faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid cead a lorg go foirmiúil chun faisnéis a chlúdaíonn an ceadúnas seo a athúsáid.
Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Imeachtaí Craolta) de chuid an Oireachtais
Baineann saincheadúnas faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid le craoltaí imeachtaí Oireachtais a athúsáid, lena n-áirítear imeachtaí coiste.