Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarastail

Íoctar buntuarastal le Teachtaí Dála ó dháta an toghcháin, ar choinníoll go síneoidh an Teachta Rolla Chomhaltaí Dháil Éireann laistigh de 30 lá ón toghchán. Ar an gcaoi chéanna, íoctar buntuarastal le Seanadóirí ón dáta a toghadh chuig an Seanad iad, an dáta sin san áireamh. Is ó dháta a n-ainmniúcháin a íoctar na comhaltaí sin den Seanad a n-ainmníonn an Taoiseach iad. Tá tuarastail faoi réir cánach, ÁSPC, an mhuirir shóisialta uilíoch, tobhach pinsin agus ranníocaíochtaí pinsin.

Tá na rátaí seo i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022 i leith. D’fhéadfaí nár iarr baill nó sealbhóirí oifige tuarastal nó liúntais; níor cheart go nglacfaí leis gur íocadh na méideanna ar fad thíos.

Ról

Buntuarastal

Liúntas breise tuarastail

TD €105,271 --
Seanadóir €73,726 --
An Ceann Comhairle €105,271 €131,343
An Leas-Cheann Comhairle €105,271 €57,314
An Cathaoirleach €73,726 €51,752
An Leas-Chathaoirleach €73,726 €28,704
Treoraí an tSeanaid €73,726 €22,892
Leas-Cheannaire an tSeanaid €73,726 €10,082

 

Liúntais do shealbhóirí oifigí aire

Íoctar liúntais tuarastail breise leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, leis na hairí rialtais agus na hairí stáit. Is í an Roinn aonair a sanntar an tAire di a íocann na liúntais sin.

 

Liúntais le haghaidh poist shonraithe

Tá liúntas breise tuarastail ag gabháil le poist shonraithe áirithe laistigh de Thithe an Oireachtais freisin. Tá na liúntais tuarastail sin faoi réir cánach, ÁSPC, an mhuirir shóisialta uilíoch, tobhach pinsin agus ranníocaíochtaí pinsin freisin.

Post i nDáil Éireann

Liúntas breise tuarastail

Aoire Cúnta an Rialtais €15,919
Aoire Pháirtí Fhianna Fáil €10,612
Aoire Pháirtí Fhine Gael €10,612
Aoire an Chomhaontais Ghlais €6,368
Aoire Pháirtí Shinn Féin €20,163
Aoire Pháirtí na Dlúthpháirtíochta/an Chomhaontais Pobal roimh Bhrabús €6,368
Aoire Pháirtí an Lucht Oibre €6,368
Aoire Pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta €6,368
Aoire Cúnta Pháirtí Fhianna Fáil €5,307
Aoire Cúnta Pháirtí Fhine Gael €5,307
Aoire Cúnta an Chomhaontais Ghlais €3,184
Aoire Cúnta Pháirtí Shinn Féin €10,082

 

Post i Seanad Éireann

Liúntas breise tuarastail

Aoire an Rialtais €6,368
Aoire Cúnta an Rialtais €4,244
Ceannaire an Ghrúpa Neamhspleách €6,368
Ceannaire Ghrúpa Shinn Féin €6,368
Ceannaire Ghrúpa na Rannpháirtíochta Sibhialta €6,368
Ceannaire Ghrúpa an Lucht Oibre €6,368
Aoire an Ghrúpa Neamhspleách €4,244
Aoire Ghrúpa Shinn Féin €4,244
Aoire Ghrúpa na Rannpháirtíochta Sibhialta €4,244
Aoire Ghrúpa an Lucht Oibre €4,244

 

Eile

Liúntas breise tuarastail

Cathaoirleach Coiste (TD) €10,082
Cathaoirleach Coiste (Seanadóir) €10,082
Comhaltaí Coimisiúin (TD) €10,082
Comhaltaí Coimisiúin (Seanadóir) €10,082
Cathaoirleach an Choiste um Leasanna Comhaltaí de Sheanad Éireann €3,290

I gcás ina bhfuil Comhalta ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach ar níos mó ná Coiste amháin, níl an té sin i dteideal ach liúntas amháin a fháil. I gcásanna áirithe, tharscaoil comhaltaí liúntais áirithe a fháil agus, dá bharr sin, níor cheart a ghlacadh leis go n-íoctar na liúntais thuasluaite go léir.

Nuashonraithe go deireanach: 12 Deireadh Fómhair 2022

Roinn