Bunaíodh Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn in 2017. Fóram traspháirtí is ea é do bhanpharlaiminteoirí na hÉireann. Tugann sé deis dóibh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná den chuid is mó agus dul i mbun feachtais ina leith.
Márta 2022 Tagann Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn le chéile i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath
An Bunreacht
Tugtar breac-chuntas sa bhunreacht ar fhís, ar mhisean, ar chomhaltas agus ar shocruithe oibre Chácas Parlaiminte na mBan in Éirinn.
An Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chácais na mBanpharlaiminteoirí 2018
D’óstáil Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn an chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chácais na mBanpharlaiminteoirí i mí Mheán Fómhair 2018 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Éire.
Tháinig banpharlaiminteoirí as breis is dhá scór tír le chéile ag an gcomhdháil chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a mbíonn ar mhná aghaidh a thabhairt orthu agus ar conas is féidir le parlaiminteoirí dul i ngleic leo.
Comóradh céad bliain ar Vótáil do Mhná
In 2018, rinne Tithe an Oireachtais comóradh ar chéad bliain ó tugadh vóta parlaiminte do mhná in Éirinn.
Ba sa bhliain 1918 a tugadh cead le dlí do mhná na hÉireann vótáil agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminte den chéad uair. Sa bhliain chéanna, ba í an Chuntaois de Markievicz an chéad bhean a bhuaigh suíochán i dtoghchán parlaiminte in Éirinn.
Grafaicí faisnéise
Féach ar na staitisticí ar rannpháirtíocht na mban i bpolaitíocht parlaiminte in Éirinn lena n-áirítear an tionchar a bhí ag cuótaí inscne.
Téigh i dteagmháil le Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire
D02 XR20