Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Clár Caipitil Spóirt

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 July 2024

Wednesday, 10 July 2024

Ceisteanna (120)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

120. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas faoin scéim deontais caipitiúil d’eagraíochtaí spóirt (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30429/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt an príomh-mhodh tacaíochta Rialtais maidir le háiseanna spóirt agus áineasa a fhorbairt agus maidir le trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre. I mbabhta 2023 den Chlár fuarthas an líon ab airde iarratas riamh lena n-áirítear an t-iarratas ar thagair an Teachta dó.

Ar an 9 Bealtaine 2024, d’fhógair an tAire Martin agus mé féin níos mó ná €26 mhilliún i ndeontais trealaimh amháin faoin mbabhta is déanaí den Chlár. Leithdháileadh na deontais go sealadach ar eagraíochtaí ar fud na tíre agus ar bhreis agus caoga spórt agus gníomhaíocht. Fógrófar leithdháiltí breise, lena n-áirítear iad siúd le haghaidh oibreacha caipitil agus oibreacha caipitil le gné threalaimh faoin bhfómhar.

Ar an 29 Bealtaine 2024, d’fhógair an tAire Martin agus mé féin go mbeidh ar a laghad €250 milliún de mhaoiniú ar fáil faoin mbabhta is déanaí den Chlár. Ba cheart go gciallódh an leibhéal maoinithe ab airde riamh go mbeadh toradh dearfach ar gach iarratas bailí.

Roinn