Skip to main content
Normal View

Culture Policy

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 September 2024

Thursday, 19 September 2024

Questions (25)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

25. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeidh a Roinn ag cur aon tacaíocht ar fáil d’Oireachtas Rince na Cruinne atá le reachtáil i mBaile Átha Cliath in 2025; cad iad na bealaí inar féidir le comórtais mhóra dhomhanda damhsa cur isteach ar mhaoiniú óna Roinn; an bhfuil aon sruth maoinithe ann óna Roinn dírithe ar ealaín iomaíoch ina bhfuil comórtas lárnach sa gcomhthéacs nach dtugann an Chomhairle Ealaíon maoiniú dá leithéid agus nach dtagann eagrais rince faoi scáth Spórt Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37067/24]

View answer

Written answers

Ní chuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do chomórtais rince.

De ghnáth, ní thugann Comhairle Ealaíon na hÉireann maoiniú i leith comórtas damhsa, toisc go bhfuil sí dírithe ar thacaíocht a thabhairt i leith saothar ealaíonta a fhorbairt agus a chruthú, in áit imeachtaí iomaíocha.Is é misean na Comhairle ná léiriú ealaíonta a chothú, nuálaíocht a spreagadh, agus deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí chun a saothar a chruthú agus a chur i láthair. Ina theannta sin, cuireann an Chomhairle Ealaíon béim ar ionchuimsiú, rochtain ar na healaíona, agus forbairt ghairmiúil ealaíontóirí, agus bíonn a tosaíochtaí maoinithe ag teacht le tionscadail a chuireann leis an tírdhreach chultúrtha i gcoitinne, cosúil le tionscnaimh oideachasúla, forbairt ghairmiúil, agus léiriúcháin nua.

Share