Aengus Ó Snodaigh
Ceist:25. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeidh a Roinn ag cur aon tacaíocht ar fáil d’Oireachtas Rince na Cruinne atá le reachtáil i mBaile Átha Cliath in 2025; cad iad na bealaí inar féidir le comórtais mhóra dhomhanda damhsa cur isteach ar mhaoiniú óna Roinn; an bhfuil aon sruth maoinithe ann óna Roinn dírithe ar ealaín iomaíoch ina bhfuil comórtas lárnach sa gcomhthéacs nach dtugann an Chomhairle Ealaíon maoiniú dá leithéid agus nach dtagann eagrais rince faoi scáth Spórt Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37067/24]
Amharc ar fhreagra