Tá cistin caifé agus áit chun suí do chustaiméirí an chaifé i measc na háiseanna san Ionad Cuairteoirí ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara,
Ba chúis aiféala gur dúnadh an caifé ar an 1ú Iúil. Cinneadh a bhí anseo a thóg an labháltóir.
Tá comórtas ar siúl faoi láthair chun lamháltóir nua a aimsiú. Lorgaíodh Léiriúcháin Suime tríd na meáin shoisialta agus na nuachtáin. Fógraíodh an Labháltas sa Connaught Tribune ar an Déardaoin, 17ú Iúil, maraon le bolscaireacht ar na hardáin meáin soisialta agus ar Raidió na Gaeltachta.
Tá an labháltas fógraithe don gcuid atá fágtha do 2025, le deis dhá shíneadh ama breise. Is é an 31ú Iúil ag mean laé an spriocdháta le h-aghaidh iarraitaisí agus tá roinnt iarraitais ar eolas maidir leis an tairsceana déanta go dtí seo.
Beidh ar an duine nó eagraíocht go neiríonn leo sa phróiseas tairisceana bia úr, cothaitheach ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus beidh sé riachtanach an caifé a bheith oscailte seacht lá na seachtaine. Beidh orthu freisin táille lamháltais a íoc. Ós rud é go bhfuil an tIonad lonnaithe i limistéar Gaeltachta, beidh ar an bhfoireann a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge.