Mar is eol don Teachta, is í Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as forbairt, bainistiú agus cothabháil céanna ar na hoileáin Árann, Inis Mór san áireamh. Dá réir, baineann cúrsaí rochtana ar an gcé leis an gComhairle Contae go príomha.
Is féidir liom a dheimhniú leat go bhfuil an t-ábhar seo pléite ag feidhmeannaigh na Roinne le hinnealtóirí na Comhairle Contae cúpla uair i mbliana. Tuigtear dom gur thug innealtóirí na Comhairle Contae cuairt ar Inis Mór ag deireadh mhí Lúnasa chun an cás a fhiosrú.
Tá sé curtha in iúl ag mo Roinn don Chomhairle Contae go bhfáilteofaí roimh chás gnó a chur faoi bhráid na Roinne le go bhféadfaí togra a thabhairt chun cinn.
Idir an dá linn, is fiú nótáil go bhfuil trealamh speisialta nua (dreapaire staighre) curtha ar fáil don farantóir le cuidiú le paisinéirí atá i gcathaoir rotha teacht ar bord agus imeacht den bhád. Tuigtear dom go raibh cúrsa traenála le déanamh ag criú na mbáid sula bhféadfaí an trealamh nua seo a chur ar fáil don bpobal.