Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 27 November 2025

Thursday, 27 November 2025

Questions (606)

John Connolly

Question:

606. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá ag an Roinn chun a chinntiú go mbeidh seirbhís aeir go dtí Oileáin Árann ann go fadtéarmach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [67091/25]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil sé i gceist ag mo Roinn athnuachan a dhéanamh ar an gconradh Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO) aeir ar mhaithe lena chinntiú go leanfar don tseirbhís aeir go hoileáin Árann go fad téarmach.

Maidir leis an bpróséas soláthair, cloífear le Rialacháin 1008/2008, de chuid Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach, ina leagtar síos na rialacha comhchoiteanna a cheadaíonn seirbhísí aeir a reáchtáil san Aontas Eorpach.

Beidh tús le cur le próiseas comhairliúchán sna seactainní amach romhainn le deis a thabhairt do phobal Oileáin Árann a dtuaraimí a nochtú i dtaobh na seirbhíse agus leasofar an doicméad tairiscinte, más cóir agus cuí é sin a dhéanamh, le feabhas a chur ar an tseirbhís.

Táthar ag súil go dtiocfaidh conradh nua 4 bliana i bhfeidhm faoi lár na bliana 2026.

Share