I mí na Samhna 2025, d'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla le cur i bhfeidhm laistigh de thréimhse dhá bhliain, 2025 go 2027. Tacóidh sé le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna sonraíochtaí curaclaim atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun eispéiris foghlama níos fearr a chur ar fáil don Ghaeilge agus chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc leanaí agus daoine óga.
Príomhghníomh sa Phlean Gnímh is ea scileanna múinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge a choinneáil agus a fheabhsú.
Is éard a bheidh i gceist leis sin ná:
• oibriú le hinstitiúidí ardoideachais
• chun deiseanna nuálacha agus spreagúla a chur ar fáil do mhúinteoirí faoi oiliúint chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú.
• na tacaíochtaí atá á gcur ar fáil acu don Ghaeilge in earnáil na scoile a aithint agus feasacht a mhéadú
• iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí chun rochtain ar chúrsaí Gaeilge a mhaoiniú do mhúinteoirí.
• iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi is fearr is féidir le cláir oideachais tosaigh múinteoirí tacú le múinteoirí faoi oiliúint chun forbairt a dhéanamh ar na scileanna agus na hinniúlachtaí Gaeilge agus oideolaíochta atá riachtanach do mhúineadh na Gaeilge mar chuid den chéad athbhreithniú eile ar Chéim: Caighdeáin in Oideachas Tosaigh Múinteoirí.
• gníomhaíochtaí chun soláthar múinteoirí Gaeilge in iar-bhunscoileanna a chinntiú, lena n-áirítear cúrsaí uasoiliúna a sholáthar agus iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht do roinnt múinteoirí.
• feasacht agus rannpháirtíocht cheannairí scoile agus múinteoirí ar chúrsaí samhraidh agus eispéiris foghlama gairmiúla eile a mhéadú, lena n-áirítear cúrsaí tumoideachais Gaeilge.
Maidir le hoideachas tosaigh múinteoirí, leagann mo Roinn síos na híosriachtanais iontrála don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic le haghaidh iontrála ar Chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí (ITE) bunscoile, nach mór do gach iarratasóir ionchasach ar chláir bhunscoile B.Oid. agus MGO (PME) a chomhlíonadh.
Faoi Alt 38 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, tá cláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí faoi réir athbhreithnithe agus creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun críocha clárúcháin. Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a beartas maidir le caighdeáin do chláir oideachais tosaigh múinteoirí, lena n-áirítear caighdeáin don Ghaeilge, agus d'fhoilsigh sí caighdeáin nuashonraithe in "Ceim", caighdeain d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí in 2020.
Tá ról ríthábhachtach ag "Céim" maidir le cáilíocht agus éifeachtacht oideachas múinteoirí in Éirinn a mhúnlú. Leagtar amach sna caighdeáin seo na riachtanais nach mór do gach clár Oideachais agus Scileanna a chomhlíonadh chun creidiúnú gairmiúil a fháil ón gComhairle Mhúinteoireachta, ag cinntiú go bhfuil oideachas múinteoirí comhsheasmhach, cuimsitheach agus ailínithe leis na cleachtais is fearr. Trí chaighdeáin shoiléire a bhunú maidir le dearadh clár, acmhainní agus socrúchán scoile, lena n-áirítear don Ghaeilge, cuidíonn "Céim" le creat láidir a chruthú a thacaíonn le forbairt oideachasóirí inniúla agus machnamhacha.
Tá sé de dhualgas ar Institiúidí Ardoideachais a chinntiú go gcomhlíonann múinteoirí faoi oiliúint na caighdeáin mar atá leagtha amach in "Céim".
Ar mhaithe le tacaíocht don Ghaeilge i scoileanna a láidriú a thuilleadh, in 2025/26, tháinig méadú suntasach ar fhoireann fhaofa i Rannóg GhaelAonad Oide ó 18 duine ar iasacht ag deireadh na bliana acadúla 2024/25 go dtí 39 duine ar iasacht i Meán Fómhair 2025. Áiríodh leis sin, soláthar d'fhoireann nua a raibh sé de chúram orthu tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Gnímh nua don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Ó foilsíodh an plean i mí na Samhna 2025, tá an fhoireann nua ag obair go sonrach chun tacaíochtaí a fhorbairt agus foghlaim ghairmiúil a sholáthar do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí. Áirítear leis seo tacaíocht le dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, úsáid na Gaeilge a mhéadú agus tacú le rochtain ag gach páiste agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla.