Naoise Ó Cearúil
Question:337. Deputy Naoise Ó Cearúil asked the Minister for Education and Youth an bhfuil sí ar an eolas go luaitear sa cháipéis Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (An Chomhairle Mhúinteoireachta, Deireadh Fómhair 2020, lch 14) an méid seo a leanas maidir leis an gcaighdeán atá le baint amach ag múinteoirí bunscoile faoi oiliúint: Gaeilge - Ní mór muinín agus inniúlacht an mhúinteora faoi oiliúint sa Ghaeilge, lena n-áirítear, Gaeilge labhartha, a fhorbairt go leibhéal leordhóthanach chun cur ar a gcumas curaclam na bunscoile sa Ghaeilge a theagasc. Áirítear anseo, ach níl sé teoranta d’fhoghlaim teanga mar chuid den Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht; an dtabharfaidh sí soiléiriú maidir leis an gcaighdeán Gaeilge, de réir leibhéil an FTCE, atá i gceist leis an inniúlacht sin atá ag teastáil chun curaclam na bunscoile sa Ghaeilge a theagasc [3086/26]
View answer