Mar is eol don Teachta Dála, fógraíodh i mí Iúil seo caite go mbunófaí an Chomhdháil um Oideachas a thabharfadh le chéile na páirtithe leasmhara go léir san oideachas.
Beidh an Chomhdháil um Oideachas ar siúl i rith 2026 agus beidh ceithre ghrúpa pháirteach ann :
• Leanaí agus daoine óga
• Tuismitheoirí agus caomhnóirí
• Fostaithe scoile agus oideachasóirí luathbhlianta
• Páirtithe leasmhara oideachais
Díreoidh an Chomhdháil ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, ar na haistrithe laistigh den chóras oideachais, ar na gnéithe atá ag feidhmiú go maith, ar na dúshláin is gá aghaidh a thabhairt orthu, agus ar na hathruithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach sna blianta romhainn.
Ceapadh an Cathaoirleach, na Leas-Chathaoirligh agus an Rúnaíocht i 2025 ag an iar-Aire Oideachais agus Óige, chun próiseas neamhspleách na Comhdhála a stiúradh. Ceapadh an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh bunaithe ar a scileanna agus a saineolas faoi leith i mbun oibre leis na grúpaí thuasluaite, leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, fostaithe scoile agus i réimse na rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara.
Ceapadh an Rúnaíocht ar bhonn saineolais shonraithe freisin, chun an próiseas daonlathach machnamhach seo a threorú, a phleanáil agus a dhearadh, nó chun ábhar a chruthú agus an tuarascáil deiridh agus na moltaí a dhréachtú.
Bunaíodh an Chomhdháil ar bhonn neamhspleách ón Roinn. Beidh a chlár oibre ceadaithe ag an Rialtas, agus é bunaithe ar an gComhrá Náisiúnta.
Tá trí phríomhghné i gceist leis an gComhrá Náisiúnta:
• suirbhé agus próiseas aighneachtaí,
• rannpháirtíochtaí le pobail scoile,
• agus ócáidí réigiúnacha, áit ar féidir le duine ar bith a bhfuil suim aige/aici in aon ghné den oideachas a thuairim a nochtadh.
Déanfaidh eagraíocht taighde neamhspleách anailís neamhspleách ar an eolas a thiocfaidh ón gComhrá Náisiúnta chun na téamaí a bheidh á bplé ag an gComhdháil i rith 2026 a aithint.
Is féidir an suirbhé agus an próiseas aighneachtaí a chomhlánú ag daoine aonair agus ag grúpaí, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil spéis faoi leith acu sa Ghaeilge agus/nó san oideachas lán-Ghaeilge. Beidh ionadaíocht ag eagraíochtaí náisiúnta a chuireann úsáid na Gaeilge agus an t-oideachas lán-Gaeilge chun cinn, lena n-áirítear sa Ghaeltacht , sa ghrúpa páirtithe leasmhara oideachais freisin. Ina theannta sin, tá sé i gceist ag an Roinn comhrá poiblí ar an nGaeilge agus ar an oideachas lán Ghaeilge a reáchtáil mar chuid de na hócáidí réigiúnacha; foilseofar sonraí faoi seo go luath.