Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 January 2026

Tuesday, 27 January 2026

Ceisteanna (449)

Shane Moynihan

Ceist:

449. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige cén fáth nach bhfuil aon saineolaí ar an oideachas trí mheán na Gaeilge ceaptha mar Leas-Chathaoirleach nó ar Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Náisiúnta ar an Oideachas de réir an eolais a chuir an t-iarAire Nic an tSaoi ar fáil i bpreasráiteas an 13 Samhain 2025; agus an bhfuil an tAire sásta Leas-Chathaoirleach agus duine eile ar an Rúnaíocht a cheapadh atá saineolach ar an oideachas trí mheán na Gaeilge, agus duine amháin acu ag teacht ón nGaeltacht féin, le cinntiú go mbeidh ionadaíocht cheart ag an earnáil ríthábhachtach sin i struchtúr an Choinbhinsiúin Náisiúnta ar an Oideachas. [5424/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta Dála, fógraíodh i mí Iúil seo caite go mbunófaí an Chomhdháil um Oideachas a thabharfadh le chéile na páirtithe leasmhara go léir san oideachas.

Beidh an Chomhdháil um Oideachas ar siúl i rith 2026 agus beidh ceithre ghrúpa pháirteach ann :

• Leanaí agus daoine óga

• Tuismitheoirí agus caomhnóirí

• Fostaithe scoile agus oideachasóirí luathbhlianta

• Páirtithe leasmhara oideachais

Díreoidh an Chomhdháil ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, ar na haistrithe laistigh den chóras oideachais, ar na gnéithe atá ag feidhmiú go maith, ar na dúshláin is gá aghaidh a thabhairt orthu, agus ar na hathruithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach sna blianta romhainn.

Ceapadh an Cathaoirleach, na Leas-Chathaoirligh agus an Rúnaíocht i 2025 ag an iar-Aire Oideachais agus Óige, chun próiseas neamhspleách na Comhdhála a stiúradh. Ceapadh an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh bunaithe ar a scileanna agus a saineolas faoi leith i mbun oibre leis na grúpaí thuasluaite, leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, fostaithe scoile agus i réimse na rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara.

Ceapadh an Rúnaíocht ar bhonn saineolais shonraithe freisin, chun an próiseas daonlathach machnamhach seo a threorú, a phleanáil agus a dhearadh, nó chun ábhar a chruthú agus an tuarascáil deiridh agus na moltaí a dhréachtú.

Bunaíodh an Chomhdháil ar bhonn neamhspleách ón Roinn. Beidh a chlár oibre ceadaithe ag an Rialtas, agus é bunaithe ar an gComhrá Náisiúnta.

Tá trí phríomhghné i gceist leis an gComhrá Náisiúnta:

• suirbhé agus próiseas aighneachtaí,

• rannpháirtíochtaí le pobail scoile,

• agus ócáidí réigiúnacha, áit ar féidir le duine ar bith a bhfuil suim aige/aici in aon ghné den oideachas a thuairim a nochtadh.

Déanfaidh eagraíocht taighde neamhspleách anailís neamhspleách ar an eolas a thiocfaidh ón gComhrá Náisiúnta chun na téamaí a bheidh á bplé ag an gComhdháil i rith 2026 a aithint.

Is féidir an suirbhé agus an próiseas aighneachtaí a chomhlánú ag daoine aonair agus ag grúpaí, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil spéis faoi leith acu sa Ghaeilge agus/nó san oideachas lán-Ghaeilge. Beidh ionadaíocht ag eagraíochtaí náisiúnta a chuireann úsáid na Gaeilge agus an t-oideachas lán-Gaeilge chun cinn, lena n-áirítear sa Ghaeltacht , sa ghrúpa páirtithe leasmhara oideachais freisin. Ina theannta sin, tá sé i gceist ag an Roinn comhrá poiblí ar an nGaeilge agus ar an oideachas lán Ghaeilge a reáchtáil mar chuid de na hócáidí réigiúnacha; foilseofar sonraí faoi seo go luath.

Roinn