Is tionscnamh píolótach de chuid na Roinne Oideachais agus Óige is ea Oíche na hÓige a reáchtáladh den chéad uair Dé hAoine, an 21 Samhain 2025. Ba é príomhchuspóir an tionscnaimh sin ná feasacht an phobail ar sheirbhísí oibre óige agus ar chlubanna óige a thógáil agus an luach is féidir le hobair óige a chuir ar fáil do dhaoine óga a léiriú.
De réir sonraí a chuir na boird oideachais agus oiliúna (BOOnna) ar fáil don roinn, reáchtáladh níos mó ná 400 imeacht Oíche na hÓige ar fud na tíre le cúnamh ó dheontais bheaga arna maoiniú ag an roinn. Bhí líon iarbhír na n-imeachtaí a bhí ar siúl níos airde fós mar go bhfuil an Roinn ar an eolas faoi go leor clubanna eile a reáchtáladh imeachtaí Oíche na hÓige gan aon deontas a fháil.
Cuireadh doiciméid agus ábhair phromóisin scéim Oíche na hÓige ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Níl sonraí cruinne ag an roinn faoi líon na n-imeachtaí a reáchtáladh i nGaeilge. Fágadh pleanáil agus dearadh gach imeachta faoin gclub nó faoin tionscadal lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba faoi gach club agus tionscadal a bhí rannpháirteach cinneadh a dhéanamh ar an teanga/na teangacha dá n-imeacht féin. Cé nach bhfuil sonraí beachta ag an roinn maidir le líon iomlán na n-imeachtaí a reáchtáladh i nGaeilge, bhí gníomhaíochtaí ar nós cluichí, ceardlanna, tráth na gceist agus dioscónna san áireamh in imeachtaí Gaeilge a cuireadh in iúl don Roinn do Oíche na hÓige 2025.