Ba mhór an onóir dom é an chéad Phlean Gníomhaíochtaí um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, don tréimhse 2026-2028, a fhoilsiú le déanaí.
Féachann an Plean Gníomhaíochta seo le cur chuige iomlánaíoch, intomhaiste agus praiticiúil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge - go háirithe an sprioc earcaíochta uaillmhianach. Tógann sé ar an tsuim shoiléir a léiríodh tríd an taighde don Phlean Náisiúnta i measc oibrithe na hearnála poiblí , a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú, chomh maith lena ndearcadh dearfach i leith na teanga go ginearálta.
Sa chomhthéacs sin, mar phríomhmheicníocht do chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil foireann le Gaeilge acu chun seirbhísí dátheangacha ar ard-chaighdeán a chur ar fáil, cuirtear an-bhéim sa Phlean seo ar bhearta bainteach leis an ollsprioc earcaíochta 20% - le caibidil iomlán tiomnaithe don ábhar ann. I measc buaicphointí 2026, tá:
• earcú réamhghníomhach le déanamh ag comhlachtaí poiblí ar dhaoine inniúil i nGaeilge agus tuairisciú ina leith;
• tacaíocht réamhghníomhach dóibh siúd ar mian leo cur lena scileanna Gaeilge, idir chúrsai oiliúna mar aon le deiseanna gréasánaíochta agus cóitseála;
• bearta éagsúla feasachta - ag tosú le comhdháil úrnua do dhaoine óga i mí an Mhárta chomh maith le seoladh feachtais feasachta náisiúnta níos moille i mbliana.
• forbairt cláir printíseachta, intéirneachtaí agus eile;
• cuir le hacmhainneacht An Foras Riaracháin, poistphoiblí agus an FSS ó thaobh na teanga de;
• bunú grúpa oibre earnála don oideachas treasach.
Tá sé treisithe agam le mo chomhghleacaithe Rialtais an ról atá againn go léir i dtaobh na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach agus beidh mé ag súil le tuairisciú ar an dul chun cinn a rinneadh le linn 2026 i mo thuarascáil bhliantúil.