Tá geallta sa Chlár Rialtais go dtabharfar Scéim na mBóithre Áise ar ais le linn téarma an Rialtais seo. Tá an mheicníocht agus an cur chuige a bhaineann leis an scéim seo a athbhunú á chíoradh ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.
Idir an dá linn, tá maoiniú ar fáil faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil (LIS), de chuid mo Roinne chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu sa ghnáthbhealach. D’fhógair mé i mí Lúnasa 2025 go raibh maoiniú breise de €14m ceadaithe agam don scéim seo chun oibreacha uasghrádaithe a dhéanamh ar bhóithre tuaithe ar fud na tíre, ceantair Ghaeltachta san áireamh. Thug sé sin infheistíocht mo Roinne go €30m in 2025 don scéim áirithe seo.
Tá breis eolas maidir leis an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS) le fáil ar shuíomh mo Roinne.