Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 February 2026

Thursday, 5 February 2026

Ceisteanna (18)

Aindrias Moynihan

Ceist:

18. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta chun Scéim na mBóithre Áise a chur ar fáil arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8276/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá geallta sa Chlár Rialtais go dtabharfar Scéim na mBóithre Áise ar ais le linn téarma an Rialtais seo. Tá an mheicníocht agus an cur chuige a bhaineann leis an scéim seo a athbhunú á chíoradh ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.

Idir an dá linn, tá maoiniú ar fáil faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil (LIS), de chuid mo Roinne chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu sa ghnáthbhealach. D’fhógair mé i mí Lúnasa 2025 go raibh maoiniú breise de €14m ceadaithe agam don scéim seo chun oibreacha uasghrádaithe a dhéanamh ar bhóithre tuaithe ar fud na tíre, ceantair Ghaeltachta san áireamh. Thug sé sin infheistíocht mo Roinne go €30m in 2025 don scéim áirithe seo.

Tá breis eolas maidir leis an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS) le fáil ar shuíomh mo Roinne.

Roinn