Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 February 2026

Thursday, 5 February 2026

Ceisteanna (19)

Louise O'Reilly

Ceist:

19. D'fhiafraigh Deputy Louise O'Reilly den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an soiléireoidh sé cén fáth ar leasigh a Roinn a bhfreagra ar an Athbhreithniú Pleanála Teanga a foilsíodh le déanaí, agus an bhfuil sé ar intinn aige an tuarascáil a athbhreithniú i bhfianaise an aiseolais a fuarthas agus na míchruinneas atá tuairiscithe. [8729/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é an comhlacht Barr Feabhais Teo. a bhí i mbun an athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas pleanála teanga thar ceann na Roinne. Leagadh síos téarmaí tagartha roimh ré agus bhí ar mo Roinn a chinntiú gur comhlíonadh na téarmaí tagartha sin sular foilsíodh an tuarascáil.

Rinne mo Roinn leasú ar na freagraí ar mholtaí Barr Feabhais de bharr botún riaracháin a bhain leis an gcéad cháipéis a h-eisíodh. Déanadh soiléiriú ar roinnt fhigiúirí laistigh den tuarascáil féin ar mhaithe le míchruinneas a cheartú chomh maith. Déantar réimse moltaí cuimsitheacha san athbhreithniú seo a thacóidh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sna limistéir éagsúla. Tá líon áirithe de na moltaí sin, nó macasamhail dóibh, á gcur i bhfeidhm cheana féin agus tá moltaí eile ann a bhaineann le gníomhaíochtaí iomlán nua.

Déanfaidh an Roinn na moltaí agus an t-athbhreithniú trí chéile a mheas go cúramach agus glacfar na céimeanna cuí chun tairbhe a bhaint astu.

Táthar ag súil go mbeidh sé seo mar thacaíocht mhór do na ceanneagraíochtaí Pleanála Teanga atá ag cur tús le hullmhú a ndara phleananna teanga, agus dóibh siúd atá ag teacht ag deireadh a gcéad phlean.

Tá go leor airgid infheistithe ag mo Roinn sna heagraíochtaí seo ó cuireadh tús leis an bpróiseas agus beidh tuilleadh le hinfheistiú sna blianta amach romhainn. Fuair mé an t-ardú is mó riamh d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026 chomh maith agus de thoradh sin, beidh €3m breise á infheistiú sa phróiseas pleanála teanga i mbliana. Idir an infheistíocht seo agus tionchar an Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a foilsíodh an tseachtain seo caite, cuirfear borradh faoin bpróiseas sa thréimhse atá amach romhainn.

Roinn