Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 February 2026

Thursday, 5 February 2026

Ceisteanna (20)

Shónagh Ní Raghallaigh

Ceist:

20. D'fhiafraigh Deputy Shónagh Ní Raghallaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé ag obair chun níos mó spásanna ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht a leathnú chun freastal ar an éileamh méadaithe i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8727/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do fhoghlaimeoirí idir scoláirí dara leibhéal, mic léinn tríú leibhéal, agus daoine fásta ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus is í an príomhbhealach a dtacaíonn an Roinn le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Is mian liom a mheabhrú don Teachta gur earnáil tráchtála í earnáil na gcoláistí Gaeilge go príomha agus gur ar lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge féin atá an phríomhfhreagracht maidir lena gcoláistí. Tá ról lárnach agus tacúil ag mo Roinn agus ag an Roinn Oideachais agus Óige chun géilliúlacht maidir leis na dualgais ábhartha reachtúla a thiteann ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge a chothú, chomh maith le dea-chleachtas i ngach réimse ábhartha eile a chur chun cinn oiread is féidir san earnáil – lena n-áirítear gnóthaí teagaisc agus foghlama na gcoláistí.

Cuireann mo Roinn fóirdheontas oíche €14.50 ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín aitheanta ar fáil d'fhoghlaimeoirí faoin scéim. Níor mhiste a lua go bhfaigheann na teaghlaigh seo deontas eile aon-oíche ó na coláistí iad fhéin anuas ar dheontas na Roinne agus go mbíonn na h-íocaíochtaí seo saor ó cháin.

Anuas air sin tacaíonn mo Roinn leis an earnáil tríd deontas tosaithe aonuaire ar luach suas le €6,000 a chur ar fáil do theaghlaigh nua a chláraíonn faoin scéim nó do theaghlaigh a bhíonn imithe as an gcóras aar feadh cúig bliana nó níos mó agus a dhéanann cinneadh filleadh ar an scéim. Tugadh an deontas méadaithe sin isteach ar mhaithe le tuilleadh rannpháirtíocht sa scéim a spreagadh tar éis na paindéime. Anuraidh, mar bheart faoi leith, d'fhógair mé deontas caipitil gearrthéarmach suas le €2,000 do theaghlaigh sean-bhunaithe sa scéim chun tacú le leapacha agus tochtanna a uasghrádú. Mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, leanfaidh mé de bheith ag tacú leis an earnáil seo le linn téarma an Rialtais.

Mar thoradh díreach ar bhearta nua mo Roinne, bhain breis agus 29,000 scoláire leas as an gcóras anuraidh - líon níos mó ná mar a d'fhreastal roimh an phaindéim - agus ar ndóigh ba dhea-scéala don éarnáil i gcoitinne é sin. Is ionann Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €7m é san earnáil go bliantúil.

Roinn