Aengus Ó Snodaigh
Question:566. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an bhfuil sé ar an eolas i dtaobh cad a tharla don bhratach, nó cá bhfuil an bhratach, a bhí ar foluain ar an long Catalpa le linn na heachtra agus í agus an criú ag saoradh seisear Fíníní Míleata óna bpríosúnacht i gCarcair Fremantle in Iarthar na hAstráile agus á dtógáil slán go Nua Eabhrac, SAM, in 1876, agus ar bratach í a bhronn duine d’Óglaigh 1916, Joe Clarke, ar Ard-Mhúsaem na hÉireann thar ceann Chlann na nGael Philidelphia, SAM, i mí Dheireadh Fómhair 1972 le bheith ar taispeáint mar chuid den bhailiúchán náisiúnta [17152/26]
View answer