Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 May 2026

Thursday, 21 May 2026

Questions (115)

Naoise Ó Cearúil

Question:

115. D'fhiafraigh Deputy Naoise Ó Cearúil den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cad é méid iomlán an mhaoinithe a chuirfear ar fáil do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i 2026; conas atá an maoiniú sin ag teacht le cuspóirí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an bhfuil tuilleadh infheistíochta beartaithe aige don earnáil i mBuiséad 2027. [38370/26]

View answer

Written answers

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta d'fhoghlaimeoirí idir scoláirí dara leibhéal, mic léinn tríú leibhéal agus daoine fásta ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus is í an príomhbhealach ina dtacaíonn an Roinn le hearnáil na gColáistí Gaeilge. Tá tionchair fhairsinge ag earnáil na gcoláistí Gaeilge i dtéarmaí deiseanna foghlama teanga a sholáthar d'fhoghlaimeoirí na teanga agus don gheilleagar agus méadú ar líon na ndaoine a thagann chuig ceantair Ghaeltachta.

Cuireann mo Roinn cúnamh suntasach ar fáil ar bhonn leanúnach faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus tá an tacaíocht seo curtha ar fáil le tamall de bhlianta anuas chun tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.

Cheadaigh mé an cúigiú ardú ó 2022 an tseachtain seo ar fhóirdheontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta – ó €14.50 go €16 agus le coláistí cónaithe ó €10.50 go €12 a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar choláistí Gaeilge

Mar aon leis sin, tá ardú ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi na beartais Scéim ERASMUS Gaeltachta agus Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta a thugann deis do scoláirí scoilbhliain iomlán a chaitheamh ar ceann de na trí oileán Árainn agus do mhic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht faoi seach.

De thoradh seo ar fad, tá measta go mbeidh infheistíocht shuntasach ar fiú os cionn €8m ag baint le 2026 ar leas na hearnála. Baineann breis agus 29,000 scoláire agus breis agus 530 teach lóistín Gaeltachta leas as an infheistíocht seo, gan trácht ar na coláistí féin.

Tá deontas tosaithe aonuaire ar luach suas le €6,000 a chur ar fáil do theaghlaigh nua a chláraíonn faoin scéim chomh maith. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin, mar aon le costais a bhaineann le hábhair ar leith bainteach le lóistín a chur ar fáil. Tugadh an deontas méadaithe sin isteach ar mhaithe le tuilleadh rannpháirtíocht sa scéim a spreagadh tar éis na paindéime.

Ar ábhar gaolmhar, anuraidh d’fhógair mé deontas uasghrádaithe gearrthéarmach do theaghlaigh seanbhunaithe a bhí aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge roimh 2019 chun tacú tuilleadh leis an gcostas chun troscán nua (buincleapacha, leapacha singil agus tochtanna singil) a cheannach. Is deontas de suas le €2,000 nó 80% den chostais cibé acu is lú a bhí ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta faoin scéim seo.

Leis na beartais seo ar fad, táim sásta go bhfuil cúnamh nach beag á chur ar fáil chun cabhrú leis an earnáil agus, mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, leanfaidh mé de bheith ag tacú leis an earnáil seo le linn téarma an Rialtais ag brath ar chistíocht a bheith ar fáil chuige.

Share