Tá Comhairle Contae na Gaillimhe freagrach as cothabháil agus forbairt bhonneagar na gcéanna ar na hOileáin Árann, lena n-áirítear Inis Meáin.
Thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha, mar thoradh ar chomórtas oscailte soláthair poiblí, chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do Roghanna Feabhsúcháin Infreastruchtúir Mhara ar Inis Meáin.
Bhuail oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe arís an mhí seo caite chun an dul chun cinn a phlé. Tuigim go bhfuil obair mhór déanta ag na hinnealtóirí comhairleacha chun roghanna éagsúla a fhorbairt, a thástáil agus a mheasúnú chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh le pobal an oileáin.
Is riachtanas don Mheasúnú Straitéiseach é go ndéanfaí anailís ar gach rogha chun réiteach a fháil ar aon fhadhb nó easnamh a aithnítear, lena n-áirítear infheistíocht chaipitil san infreastruchtúr, infheistíocht reatha sna seirbhís iompair, nó meascán d’infheistíocht chaipitil agus reatha go bhféadfaí a dhéanamh thar thréimhse.
Tuigim go bhfuil aiseolas agus soiléiriú tugtha ag mo Roinn do Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí ina leith seo, le cinntiú go bhfuil an riachtanas sin á chomhlíonadh ag na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha atá i mbun na hoibre seo.
I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is tairbhí don oileán ina iomláine.