Skip to main content
Normal View

Forbairt Pobal

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 June 2026

Wednesday, 10 June 2026

Questions (283)

John Connolly

Question:

283. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le tuarascáil RPS, an bhfuil an tuarascáil ag an Roinn agus muna bhfuil, an bhféadfaidh an tAire soiléiriú a thabhairt maidir le cén uair atá sé beartaithe an tuarascáil a fhoilsiú [44387/26]

View answer

Written answers

Tá Comhairle Contae na Gaillimhe freagrach as cothabháil agus forbairt bhonneagar na gcéanna ar na hOileáin Árann, lena n-áirítear Inis Meáin.

Thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha, mar thoradh ar chomórtas oscailte soláthair poiblí, chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do Roghanna Feabhsúcháin Infreastruchtúir Mhara ar Inis Meáin.

Bhuail oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe arís an mhí seo caite chun an dul chun cinn a phlé. Tuigim go bhfuil obair mhór déanta ag na hinnealtóirí comhairleacha chun roghanna éagsúla a fhorbairt, a thástáil agus a mheasúnú chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh le pobal an oileáin.

Is riachtanas don Mheasúnú Straitéiseach é go ndéanfaí anailís ar gach rogha chun réiteach a fháil ar aon fhadhb nó easnamh a aithnítear, lena n-áirítear infheistíocht chaipitil san infreastruchtúr, infheistíocht reatha sna seirbhís iompair, nó meascán d’infheistíocht chaipitil agus reatha go bhféadfaí a dhéanamh thar thréimhse.

Tuigim go bhfuil aiseolas agus soiléiriú tugtha ag mo Roinn do Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí ina leith seo, le cinntiú go bhfuil an riachtanas sin á chomhlíonadh ag na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha atá i mbun na hoibre seo.

I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is tairbhí don oileán ina iomláine.

Share