Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 September 2026

Tuesday, 29 September 2026

Questions (936)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

936. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le seirbhís chomhroinnte aistriúcháin mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh torthaí an staidéir sin ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68456/26]

View answer

Written answers

Ag croílár iarrachtaí an Rialtais bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán, rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla (arna leasú 2021). Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí agus chun a chur ar chumas lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.

Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo mar sin a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus an chéad Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis a foilsíodh i mí Eanáir 2026.

Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig phríomhthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:

Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha;

Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge;

Teicneolaíocht;

Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus

Bailiúchán Sonraí.

Faoi Mhór-théama Straitéiseach 1: Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha, tá sé mar sprioc ag Gníomh 1.2:

1.2 Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhunú don earnáil phoiblí chun cur chuige caighdeánach agus comhordaithe a chinntiú i leith chúrsaí aistriúcháin ar an múnla céanna le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh.

Luann an Plean Gníomhaíochta gníomh sonrach a dtabharfar faoi leis an sprioc seo a bhaint amach, is é sin:

Gníomh 1.2.1: Déanfar staidéar féidearthachta a chur i gcrích agus na torthaí uaidh a bhreithniú i gcomhthéacs na chéad chéimeanna eile a aithint. Déanfar múnlaí éagsúla oibriúcháin a bhreithniú mar chuid den staidéar féidearthachta seo.

Tá dréacht Iarratas ar Luachan don staidéar seo réitithe agus an measúnú deiridh inmheánach i mo Roinn á dhéanamh air faoi láthair lena cheadú. Beidh gá an próiseas soláthair phoiblí a leanúint don staidéar seo agus aontófar amscála na hoibre mar chuid den chonradh leis an gconraitheoir rathúil.

Share