Ag croílár iarrachtaí an Rialtais bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán, rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla (arna leasú 2021). Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí agus chun a chur ar chumas lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo mar sin a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus an chéad Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis a foilsíodh i mí Eanáir 2026.
Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig phríomhthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:
Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha;
Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge;
Teicneolaíocht;
Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus
Bailiúchán Sonraí.
Faoi Mhór-théama Straitéiseach 1: Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha, tá sé mar sprioc ag Gníomh 1.1:
Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le mo(i)l-seirbhísí nó clinicí a bhunú ar bhonn píolótach chun croí-sheirbhísí poiblí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus athbhrandáil iomlán a dhéanamh ar na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge do na pobail sin, chun a gcuid muiníne sna seirbhísí sin a chothú — i gcomhréir le mianta polasaí an Rialtais: ‘Seirbhísí Poiblí Níos Fearr — Straitéis chlaochlaithe chun seachadadh don phobal agus muinín a chothú’.
Luann an Plean Gníomhaíochta dhá ghníomh shonracha a dtabharfar fúthu leis an sprioc seo a bhaint amach, is iad sin:
Gníomh 1.1.1: Déanfar staidéar féidearthachta a chur i gcrích maidir le bunú na moil-seirbhísí/clinicí agus na torthaí uaidh a bhreithniú i gcomhthéacs na chéad chéimeanna eile a aithint, sa tsúil go ndéanfar iad seo a thionscnamh ar bhonn píolótach.
agus
Gníomh 1.1.2: Déanfar staidéar féidearthachta a chur i gcrích maidir le haonaid shonracha seirbhíse poiblí a bhunú sa Ghaeltacht nó a athlonnú chuig an nGaeltacht ar bhonn buan chun croí-sheirbhísí poiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge, agus déanfar na torthaí uaidh a bhreithniú i gcomhthéacs na chéad chéimeanna eile a aithint, sa tsúil go ndéanfar iad seo a thionscnamh ar bhonn píolótach.
Tá dréacht-cháipéisí soláthair réitithe don dá staidéar seo agus an measúnú deiridh inmheánach á dhéanamh orthu faoi láthair lena gceadú. Aontófar amscála na hoibre mar chuid den chonradh leis na conraitheoirí rathúla..