Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 September 2026

Tuesday, 29 September 2026

Questions (938)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

938. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil córas curtha i bhfeidhm maidir le cóitseálaithe teanga agus curaidh theanga mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68458/26]

View answer

Written answers

Agus muid ag dul i dtreo seirbhísí poiblí dátheangacha a neadú sa státchóras, aithnítear an tábhacht faoi leith a bhaineann le tacaíocht a sholáthar agus muinín a chothú i measc an fhórsa saothair a bheidh ag cur na seirbhísí seo ar fáil don phobal ar bhonn laethúil. Dá réir sin, beidh róil an chóitseálaí teanga agus an churaidh teanga á bhforbairt chun crann taca a chur ar fáil dóibh.

Faoi Ghníomh 4.1.1 (O) den Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, luaitear go bhforordófar faoi na caighdeáin teanga go mbeidh duine amháin ar a laghad i ngach comhlacht poiblí - go háirithe iad siúd a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an bpobal, sannaithe mar chóitseálaí teanga. Beidh an cóitseálaí seo ann chun tacú le baill foirne atá ag obair i ról le Gaeilge nó atá ag foghlaim na Gaeilge, agus beidh gá don chomhlacht poiblí an oiliúint chuí a chur ar fáil don bhall foirne sin, nó do na baill foirne sin, chun an ról a chomhlíonadh trí chúrsa creidiúnaithe. Is cleachtas í an chóitseáil teanga ina gcuireann daoine aonair tacaíocht fhoirmiúil teanga ar fáil d'fhostaithe, a chabhraíonn leo bainistiú a dhéanamh ar an imní a bhaineann go minic le teanga a úsáid i gcomhthéacs gairmiúil, nach céad teanga an duine í.

Anuas air sin, faoi Ghníomh 4.1.3 (O) den Phlean Gníomhaíochta, cuirfidh comhlachtaí poiblí tionscnaimh ar bun chun úsáid agus foghlaim na Gaeilge san ionad oibre a chur chun cinn i measc na foirne. Mar chuid den obair seo, agus faoi Gníomh 4.1.2 (O), déanfar Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí a chur chun cinn i measc a gcuid foirne agus aithneofar seaimpíní teanga ar bhonn deonach laistigh d’eagraíochtaí chun comhoibriú leis an nGréasán le himeachtaí Gaeilge a reáchtáil go háitiúil - ag spreagadh úsáid nádúrtha na Gaeilge i measc comhghleacaithe sa láthair oibre.

Seoladh Gréasán Gaeilge don Earnáil Phoiblí i samhradh 2024 agus ó shin i leith tá sé ag tacú le daoine ar fud na seirbhíse poiblí chun an Ghaeilge a úsáid agus a neartú, le breis is 4,000 fostaithe den stát cláraithe leo faoi láthair. Tá fís shoiléir taobh thiar den tionscadal: an Ghaeilge a chur ar fáil ar bhealach dearfach, praiticiúil agus spreagúil do gach duine sa tseirbhís phoiblí.

Tacaíonn an Gréasán le spriocanna náisiúnta teanga agus le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú. Ach níos tábhachtaí fós, cruthaíonn sé spás cairdiúil inar féidir le daoine an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fheabhsú gan brú – mar chuid nádúrtha dá gcuid oibre agus dá saol sóisialta.

Tá pacáiste ionduchtaithe forbartha ag an nGréasán do bhaill foirne i gcomhlachtaí poiblí maidir lena chuid oibre mar acmhainn dóibh siúd atá i róil le Gaeilge agus/nó ar mian leo a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú san ionad oibre. Chomh maith leis sin, tá cur i láthair déanta ag an nGréasán do bhreis is 100 comhlacht poiblí - trína nOifigigh na dTeangacha Oifigiúla - chun obair an Gréasán a chur chun cinn mar acmhainn don fhoireann. Reáchtáil siad chomh maith, i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus Gaelchultúr, searmanas bronnta d'fhoghlaimeoirí teanga san earnáil phoiblí faoi dhó i mbliana agus leanfar leis an gcleachtas sin arís sna blianta amach romhainn.

Tá ceardlann le reáchtáil ag oifigigh mo Roinne d'Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla i Ranna agus Oifigí Stáit agus Údaráis Áitiúla le linn Sheachtain Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí i mí na Samhna chomh maith, agus tá i gceist í seo a úsáid chun feasacht a chothú ar chleachtas an chóisteálaí teanga, an Ghréasáin Ghaeilge, agus na féidearthachtaí a bhaineann le seaimpíní teanga a cheangal isteach le hobair an Ghréasáin Ghaeilge.

Tá gníomhartha eile le teacht chun cinn chomh maith faoi chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta a thacóidh leis na bearta tacaíochta uile seo a cheangal le chéile laistigh d'eagraíochtaí agus iad ag iarraidh timpeallacht atá dearfach ó thaobh an dátheangachas a chruthú dá gcuid fostaithe m.sh. an Ciste Nuálaíochta atá le bunú faoi Ghníomh 1.3.2.

Mar a fheictear ón méid seo, tá struchtúir á gcur ar bun faoin bPlean Náisiúnta agus Plean Gníomhaíochta, a chinnteoidh rath chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga agus muid ag tabhairt faoin dara leath den mhór-thionscadal Rialtais seo i dtreo bhuanú seirbhís phoiblí dhátheangach anois.

Share