Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 May 2026

Thursday, 21 May 2026

Questions (95)

Barry Heneghan

Question:

95. D'fhiafraigh Deputy Barry Heneghan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cé go n-aithnítear an maoiniú mór sa bhreis a bhain an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta amach do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2026, aithnítear go bhfuil an bonnleibhéal maoinithe don Roinn céanna ró-íseal i gcónaí agus gur gá buiséad na roinne a mhéadú go suntasach fós. An bhfeicfidh an tAire chuige go lorgóidh a Roinn ar a laghad €50 milliún sa bhreis do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2027, go háirithe mar go bhfuil costais sa bhreis ar an Roinn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú, le maoiniú Fhoras na Gaeilge a mhéadú go cothrom leis an méid a méadaíodh i mbuiséad na Comhairle Ealaíon le 20 bliain anuas, leis an méadú ar an bpleanáil teanga a mhaoiniú i gceart, agus a lán eile. [38373/26]

View answer

Written answers

Ó ceapadh mé mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ag tús na bliana seo caite – an chéad Aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le tamall de bhlianta anuas – tá obair shuntasach déanta agam féin agus ag mo Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobal na Gaeltachta a neartú agus a fhorbairt.

Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach agam don chéad chúpla bliain eile agus táim cinnte dearfach go ndéanfaidh an obair seo an-difríocht do phobal labhartha na Gaeilge. Ní féidir na spriocanna seo a bhaint amach gan rannpháirtíocht ó réimse leathan daoine, grúpaí agus eagraíochtaí: pobal na pleanála teanga, na Ranna Stáit, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, na ceanneagraíochtaí, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí stáit trí chéile.

Tá €160m á infheistiú ag mo Roinn san earnáil i mbliana, tar éis dom an t-ardú is mó riamh a fháil don Ghaeltacht agus do na hOileáin i gCáinaisnéis 2026 – is é sin méadú 30% ar an allúntas €123 milliún in 2025. Idir an infheistíocht seo, tionchar an Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a foilsíodh roinnt míonna ó shin agus tionchar na gCaighdeán Teanga atá le tabhairt isteach i mbliana, táim an-mhuiníneach go gcuirfear borradh láidir faoi úsáid na teanga sa tréimhse atá amach romhainn – sna ceantair Ghaeltachta féin, thart timpeall na tíre, agus go hidirnáisiúnta.

Mar is gnách, beidh allúntas mo Roinne trí chéile agus allúntas na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán don bhliain 2027 le cíoradh sna míonna seo romhainn faoi phróiseas na Meastachán. Tá rún daingean agam féin agus ag an Rialtas tógáil ar an méid atá bainte amach againn le déanaí.

Questions Nos. 96 to 98, inclusive, answered orally.
Share