Barry Heneghan
Ceist:95. D'fhiafraigh Deputy Barry Heneghan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cé go n-aithnítear an maoiniú mór sa bhreis a bhain an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta amach do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2026, aithnítear go bhfuil an bonnleibhéal maoinithe don Roinn céanna ró-íseal i gcónaí agus gur gá buiséad na roinne a mhéadú go suntasach fós. An bhfeicfidh an tAire chuige go lorgóidh a Roinn ar a laghad €50 milliún sa bhreis do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2027, go háirithe mar go bhfuil costais sa bhreis ar an Roinn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú, le maoiniú Fhoras na Gaeilge a mhéadú go cothrom leis an méid a méadaíodh i mbuiséad na Comhairle Ealaíon le 20 bliain anuas, leis an méadú ar an bpleanáil teanga a mhaoiniú i gceart, agus a lán eile. [38373/26]
Amharc ar fhreagra