John Connolly
Question:1172. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén uair a bheidh freagra á eisiúint ar cheist a d’ardaigh mé leis an Roinn tamall ó shin maidir leis an tseirbhís bus ó Chéibh Ros an Mhíl chuig Cathair na Gaillimhe atá mar chuid den chonradh farantóireachta do na hOileáin Árann: is é sin, an bhfuil sé ar an eolas nach bhfuil an tseirbhís bus sin ag stopadh níos mó ag barr bhóthar an aerfoirt in Indreabhán agus faoin drochthionchar atá ag an gcinneadh sin ar phobal na nOileán Árann;; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5489/26]
View answer