Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 January 2026

Tuesday, 27 January 2026

Ceisteanna (1172)

John Connolly

Ceist:

1172. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén uair a bheidh freagra á eisiúint ar cheist a d’ardaigh mé leis an Roinn tamall ó shin maidir leis an tseirbhís bus ó Chéibh Ros an Mhíl chuig Cathair na Gaillimhe atá mar chuid den chonradh farantóireachta do na hOileáin Árann: is é sin, an bhfuil sé ar an eolas nach bhfuil an tseirbhís bus sin ag stopadh níos mó ag barr bhóthar an aerfoirt in Indreabhán agus faoin drochthionchar atá ag an gcinneadh sin ar phobal na nOileán Árann;; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5489/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is dhá sheirbhís iomlán neamhspleách óna chéile iad na seirbhísí fóirdheonaithe báid agus aeir do na hoileáin Árann, agus dá réir tá na seirbhísí bus neamhspleách óna chéile.Níl cumhacht reachtúil agam mar Aire ná ag an Roinn seo treoir a thabhairt i leith stadanna bus ar na seirbhísí bus a chuirtear ar fáil mar chuid de na seirbhísí iompair do na hoileáin, seachas an ceannscríbe a sonraítear sa chonradh. Maidir leis na seirbhísí báid agus aeir go hÁrainn, is é Gaillimh an ceannsríbe atá sonraithe sa chonradh. Dá réir, tá seirbhís bhus amháin ar fáil idir Aerfort Chonamara agus Gaillimh, agus tá seirbhís eile idir Ros a' Mhíl agus Gaillimh. Más mian le ceachtar seirbhís bhus stopadh aon áit eile ar an mbealach, is gá dóibh ceadúnas ar leith a lorg ón Údarás Náisiúnta Iompair a bhfuil cúram reachtúil air i leith seirbhísí iompair a rialú.Tuigtear dom nach bhfuil an stad ag ceann bhóthar an Aerfoirt aitheanta ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus dá réir níl aon chead ag an mbus stopadh ann faoi láthair. Tuigtear dom, áfach, go bhfuil plé ar siúl idir an farantóir, an soláthraí seirbhíse bus agus ionadaithe ó na hoileáin chun aitheantas don stad a lorg ón Údarás Náisiúnta Iompair.

Roinn