Michael D. Higgins
Ceist:16 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil aon saineolaithe ar shochtheangeolaíocht fostaithe go lánaimsireach, go páirt-aimsireach nó ar bhonn conartha ag Bord na Gaeilge le comhairle a chur ar fáil don bhord maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht; agus má tá, an raibh aon bhaint ag na saineolaithe sin le réiteach thuarascáil Uí Eithir ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.