Mar is eol don Teachta, is fiú a thabhairt faoi deara go dtiteann an fhreagracht maidir le cúrsaí tithíochta ar bhonn ginearálta ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Agus é sin ráite, tá soláthar tithíochta dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach dom go pearsanta agus do mo Roinn. Go deimhin, tá tithíocht riachtanach chun an teanga, seirbhísí, fostaíocht, fiontraíocht agus deiseanna eile sa Ghaeltacht a fhorbairt. Agus é sin san áireamh, tá céimeanna tacaíochta á dtógáil chun na críche seo.
Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 le tógáil ag Céim na Tuarascála an tseachtain seo chugainn. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht, déanfar leasú sa Bhille ar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta, nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcuspóir céanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.
Tá mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta James Browne, ag obair go dlúth lena chéile ar an gceist seo lenár n-oifigigh, a bhfuil obair shuntasach déanta acu ar fhorbairt ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht. Sa phlean tithíochta a foilsíodh le déanaí, Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, gealltar an ráiteas náisiúnta pleanála a fhoilsiú agus moltar scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta le hUisce Éireann agus údaráis áitiúla chun tacú le tithíocht a thógáil do phobail labhartha na Gaeilge. Reáchtáil mé cruinniú le gairid idir Údarás na Gaeltachta agus Uisce Éireann chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn gan dua maidir leis an fhéidearthacht seo a scrúdú.
Bunaithe ar fhigiúirí ó na húdaráis áitiúla, ceadaíodh meán de 90% d'iarratais phleanála le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht in 2025, rud a léiríonn nach bhfuil fadhb ag daoine cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. Ina theannta sin, bronnadh os cionn €3 mhilliún ar iarratasóirí sa Ghaeltacht faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh le linn 2024 agus 2025.