Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 December 2012

Thursday, 20 December 2012

Ceisteanna (124)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

124. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad é an staid reatha maidir leis an iarratas ó Scoil Shailearna ar airgead le síneadh a chur leis an scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57712/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an tionscadal tógála don scoil dá dtagraíonn an Teachta ag ardchéim phleanáil ailtireachta faoi láthair. Thug mo Roinnse faomhadh d'aighneacht Chéim 2b (Dearadh Mionsonraithe) le déanaí. Mar gheall ar éilimh iomaíocha ar bhuiséad caipitil mo Roinne, de bharr an riachtanais le tús éilimh ar an mhaoiniú teoranta a thabhairt do chóiríocht bhreise a sholáthar chun freastal ar na héilimh mhéadaitheacha dhéimeagrafacha, níorbh fhéidir an tionscadal seo a chur san áireamh sa chlár tógála chúig bliana a fógraíodh siar sa bhliain. Cuirfear ar aghaidh scoileanna nach raibh san áireamh sa chlár tógála chúig bliana, ach a bhí fógartha ar dtús le bheith san áireamh sa chlár tógála, chuig na céimeanna deiridh pleanála le súil go mbeidh maoiniú breise ar fáil do mo Roinn sna blianta amach anseo. Tá an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta ar fáil i gcónaí lena bhreithniú do chur ar aghaidh sa chomhthéacs sin.

Roinn