Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Múinteoirí Bunscoile agus Meánscoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 March 2013

Tuesday, 12 March 2013

Ceisteanna (230)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

230. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na hathruithe atá déanta ar na liúntais Ghaeilge, Ghaeltachta agus Oileáin a bhíonn á n-íoc le múinteoirí bunscoile agus meánscoile ó tháinig sé i gcumhacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12883/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Thug an Rialtas faomhadh do roinnt beart a bhain le liúntais seirbhíse poiblí tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a dhéanamh ar fud na seirbhíse poiblí ar liúntais agus préimh-íocaíochtaí.

Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, táthar tar éis na liúntais Ghaeltachta, na liúntais i gcomhair mhúineadh trí Ghaeilge agus na liúntais Oileáin a tharraingt siar ar fud na seirbhíse poiblí i gcás tairbhithe nua, múinteoirí san áireamh, le héifeacht ó 1 Feabhra 2012.

Roinn