Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 May 2013

Tuesday, 14 May 2013

Ceisteanna (531)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

531. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar feirmeoir (sonraí tugtha) faoin scéim REPs; an chúis a bhí leis an moil á íoc [22532/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Irish Version:

Thosaigh an duine luaite REPS 4 i mí Eanáir 2008 agus fuair an duine íocaíochtaí don chéad cheithre bliana dá chonradh.

Is beart é REPS 4 faoin gClár Forbartha Tuaithe agus tá sé faoi réir Rialacháin an AE ina n-éilítear scrúduithe riaracháin a dhéanamh ar gach iarratas sular féidir aon íocaíochtaí a eisiúint. Tá na scrúduithe seo curtha i gcrích anois agus sa chás seo dearbhaíodh go n-íocfaí 75% den íocaíocht do Bhliain 5 de 2012 ar €7,823.97 é, ar an 3 Bealtaine 2013. Eiseofar an fuílleach íocaíochta de 25% de Bhliain 5 go luath.

English Version:

The person mentioned commenced REPS 4 in January 2008 and received payments for the first four years of their contract.

REPS 4 is a measure under the current 2007-13 Rural Development Programme and is subject to EU Regulations which require administrative checks on all applications to be completed before any payments can issue. These checks have now been completed in this case and the 2012 75% Year 5 payment amounting to €7,823.97 was confirmed for payment on 3rd May 2013. The remaining 25% Year 5 balancing payment will issue shortly.

Roinn