Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Córas Náisiúnta Postchóid

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Ceisteanna (201)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

201. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil sé i gceist go mbeidh na postchóid bunaithe ar logainmneacha agus, sa gcás go mbeidh, an é an leagan sa teanga náisiúnta a úsáidfear nó an leagan sa dara teanga oifigiúil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43585/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D’fhógair mé ar an 8 Deireadh Fómhair, gur cheadaigh an Rialtas, ag brath ar chonradh, go mbunófaí córas náisiúnta postchóid sa bhliain 2015. Ceapfaidh gníomhaireacht postchóid an postchód agus reáchtálfaidh siad é faoi cheadúnas ar feadh deich mbliana ar dtús agus de réir rogha an Aire Cumarsáide ar feadh cúig bliana eile. Cuirfidh an córas nua postchóid cód ar leith ar fáil do gach seoladh poist in Éirinn, árasáin aonair san áireamh. Beidh 7 gcarachtar sa Phostchód san fhormáid A65 B2CD, ina mbeidh na chéad trí charachtar ag tagairt do cheantar ginearálta nó do cheantar poist ina bhfuil an seoladh. Ní bheidh an cód a thagraíonn do cheantar ginearálta bunaithe ar ainm áite agus dá bhrí sin, ní bheidh baint ag teanga leis. I mBaile Átha Cliath beidh an postchód reatha mar na chéad trí charachtar sa chód 7 gcarachtar.

Roinn